John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, staraí áitiúil.

Published: Jan. 15, 2021, noon

“Tá mallacht ar Bhaile na Cille agus tuige nach mbeadh ar an gClann sin, óir ní thiocfaidh an tAthair go dtí an tAifreann”, cuid den chaint a rinne sagart a bhí ag tabhairt seanmóir in Inis Bearachain faoi chailín óg a bhí ag súil le páiste agus nach raibh pósta sa gceantar i 1938.